
IMBOLC 2027
27 Eanáir go 7 Feabhra 2027
27 January to the 7th of February 2027
Croílár na Gaeilge i nDoire.
Derry's premier Irish language and arts centre.

Doirse // Doors: 19:30
Tá ealaíona agus cultúr traidisiúnta na hÉireann i ndiaidh a bheith seachadta go grámhar fríd na glúnta, coinnithe ag dul ag nós bríomhar an damhsa i dtithe tuaithe, ar a dtugtar ‘bothántaíocht’ nó ‘oícheanta airneáil’, nó mar a thugtar go minic air in iarthar Chiarraí, ‘oícheanta báil’. Thugadh an traidisiún luachmhar seo comharsana le chéile chun ceol, amhráin, damhsa agus scéalaíocht a roinnt. Sa lá atá inniu ann tá an oidhreacht shaibhir seo go fóill faoi bhláth i gCorca Dhuibhne, áit a dtagann ceol, filíocht agus ealaín meascadh le chéile go nádúrtha, ag nascadh glúnta an ama atá thart leis an lá inniu.
Is léiriú nua é Ball Nights faoi stiúir an ghrúpa iomráitigh as iarthar Chiarraí Cuas, i gcomhar le damhsóirí fuinniúla Sheit Chorca Dhuibhne, an file Dairena Ní Chinnéide, agus an t-ealaíontóir Domhnall Ó Bric. Le chéile, tugann siad beocht úr do na traidisiúin phobail seo. Beidh lucht féachana ar fud na hÉireann in ann taithí dhíreach a fháil ar fhuinneamh bríomhar agus ar spiorad sainiúil Iarthar Chiarraí — trí amhráin a chanadh, páirt a ghlacadh sa damhsa, agus a bheith mar chuid d’fhéile thumthach a cheiliúrann an áit agus an cultúr.
Sa léiriú 90 bomaite ildisciplíne seo tá sleamhnáin agus polcaí fuinniúla, amhráin thraidisiúnta gan aois a théann siar na céadta blianta, agus valsaí mealltacha a spreagann an lucht féachana chun páirt a ghlacadh. Tá ealaín agus filíocht, a spreag cúig fhigiúr Sheit Chorca Dhuibhne, fite fuaite ina chéile, ag cruthú taipéis shaibhir scéalaíochta trí fhuaim, gluaiseacht agus íomhánna.
___
Irish traditional arts and culture have been lovingly passed down through generations, sustained by the vibrant custom of country house dancing, known as bothántaíocht, oícheanta airneáil, or as it is often known in West Kerry, “Ball Nights,”. This cherished tradition brought neighbours together to share music, song, dance, and storytelling. Today, this rich legacy continues to thrive in Corca Dhuibhne, where music, poetry, and visual art blend seamlessly, connecting generations past and present.
Ball Nights is a new production led by the celebrated West Kerry band Cuas, alongside the dynamic dancers of Seit Chorca Dhuibhne, poet Dairena Ní Chinnéide, and artist Domhnall Ó Bric. Together, they breathe fresh life into these community traditions. Audiences across Ireland will experience first-hand the wild energy and distinctive spirit of West Kerry — singing songs, joining the dancing, and becoming part of an immersive celebration of place and culture.
This 90-minute, multi-disciplinary performance features energetic slides and polkas, timeless traditional songs that span centuries, and captivating waltzes that invite audience participation. Art and poetry inspired by the five figures of Seit Chorca Dhuibhne are seamlessly interwoven, creating a rich tapestry of storytelling through sound, movement, and image.
Tickets for good, not greed Humanitix dedicates 100% of profits from booking fees to charity
No refunds

27 Eanáir go 7 Feabhra 2027
27 January to the 7th of February 2027
Croílár na Gaeilge i nDoire.
Derry's premier Irish language and arts centre.